School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 022
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhéanamh dhuit fhéin. Rinne sé an bád dhó fhéin agus do Bhénis. Thar-éis sin chualadh sé trácht mór ar Fhionn mac Cumhall agus ar a chuid Féinne, agus chuaidh sé chuig Fionn agus d'fiarr sé obair air. Cad é do chéird arsa Fionn? Tincéar mise ar seisean acht thig liom obair ar bith do dhéanamh dá ndeárna fear ariamh. Is úsáideach an fear thú arsa Fionn agus béarfadh mé seirbhís dhuit. Ar maidin lá ar na bháireach bhí Fionn agus na Fianna ag caitheamh uird mór nuair a tháinig Murchadha amach, fuair sé greim ar an ord, agus chaith sé é, ficeadh péirse níos fuide ná an fear ba láidre aca. Bhí iongnad mór ar Fionn agus chuir sé a mhéar inn a bhéal agus ghearr sé é isteach go dtí an smíor. Tháinig eólas chuige nach raibh aon fhear i n-Éirinn chomh maith le Murchadha, mar bhí dhá chumachta aige, bhí draoidheacht aige ó na mnaoí, agus bhí neart aige ó nádúr. Seal gearr in-a dhiaidh sin chuir banríoghan an domhan shoir fuagra ar Fionn agus chuir sí dubh-shlán faoí troid leithí. Cailleach draoidheachta do bhí inntí. D'innis Fionn do Murchadha, cad é an fuagra do fuair sé ó'n mbhanríoghan, agus d'fiarr sé air theacht leis. Rachadh agus fáilte ar sa Murchadha. Fuair Fionn míle fear de na fianntaibh, agus chuaidh sé ar bhord luinge agus d'fiarr ar Mhurchadha teacht ar bord luinge leis. Béidh mise insan domhan shoir rómhat arsa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway