School: Uachtar Árd (roll number 4786)

Location:
Oughterard, Co. Galway
Teacher:
An tSr M. S. Iognáid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Uachtar Árd
  2. XML Page 204
  3. XML “Lá Bealtaine”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is ceart snáth dearg a cheangal ar iorball bó a bheadh taréis laogh, ar eagla go ndeinfeadh na sidheóga dochar ar bith dí.

    Máire Ní Fhathaigh
    Uactarárdh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Uair amháin bhí buachail aimsire ag fear i Letterfore agus Protastúnach do b'eadh é. Bhíodh sé amuigh chuile oidhche ag imirt cártaí agus bhíodh sé deireannach ar ag teacht arais. Ní chuirfeadh rud ar bith beo nó marbh faithcíos ar. Oidhche amháin nuair a bhí sé beagnach ag teach a mháighistir do chas triúr fir dhó agus iad ag iomchar cónra. Dubhairt síad leis "go ndéanfadh sé an ceathrú fear" agus dubhairt seisean nár mheadhchan ar bith ar fear ceathrú de'n chorp nó rud ar bith do bhí ins an gcónra. Chuaidh sé faoi an gcónra. Taréis tamaill d'imthigh duine de'n ceathair agus bhí ar an duine sa deireadh leath de'n chorp d'iomchar. Bhí sé an-trom ar fad. Ní raibh sé i bhfad gur imthigh duine eile agus bhí ar bheirt an cónra d'iomchar annsin.
    Bhí meadhchan ag teacht sa gcónra de réir mar bhí na fir ag imtheacht. Taréis tamaill d'imthigh an duine eile agus thuit an cónra anuas ar an mbóthar.
    Dubhairt an buachall leis féin nach rachfadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhathaigh
    Gender
    Female
    Address
    Oughterard, Co. Galway
    Informant
    Bríghidh Nic Aodhghain
    Gender
    Female