School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 054
- XML “Scéilín Grinn”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na Gleannta.
Bhí gabhar ag beirbhiú ar an dteine ag muinntir an tighe seo agus d'fhiafruigh an t-amadán d' fhear an tighe cad a bhí ar an dteine mar bhí an t-ocras ag goilleamhaint ar an bhfear bhocht. Dubhairt fear an tighe leis gur asal óg a bhí ag beirbhiú ann. D'imthigh an t-amadán air agus nuair a chuaidh sé an Litriúich dubhairt sé leo gur asail a itheann siad i n-Iarthar Corca Dhuibhne. Do chreid muinntir an Litriúigh an t-amadán bocht agus 'sé an t-ainm a ghlaodhainn muinntir an Litriúigh ar iarthar Corca Dhuibhne riamh ó shoin ná Duthaig na n-Asal. - Sgéal1. Sinéad Ní Ghogáin
2. Baile an Eanaig, Baile an Fhirtéirigh
3 Fuair sí an sgéal ó'n a máthair - Bean Uí Ghogáin
4. Féach leath. 41
5. 30/V1/'38Tá loch i gCráighlí timcheall lé sé nó seacht de míltibh taobh thiar de Dhaingean Uí Chúise agus tugtar Loch Cráighlí. Is sa loch so a deintí na leanbhaí a bhaiste fadó. Gach uair a thugtaí leanbh go dtí an loch so d'eirigheadh piast mhór aníos as an loch agus d'itheadh sé an leanbh(continues on next page)- Collector
- Sineád Ní Ghogáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Ghogáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry