School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt dearbhráthar ann uair amháin. Bhí duine acu ana shaidhbhir agus an duine eile ana-bhocht. Bhí móran eallagih agus stoc ag an bhfear saidhbhir agus bhí lán tighe páistí ag an bhfear a bhí bocht.
Lá amháin ní raibh aon nidh le n-ithe ag na leanbhaí bochta agus bhí gach aon [?] acu. Sé an rud a dhein an mháthair ná corcán cloch a chur ar an dteine. Do thuit a gcodladh ar na leanbhaí annsan. Tar éis tamaill do bhuail slataire d'fhear óg [?] an doras isteach agus dubhairt sé go raibh pé rud a bhí ar an dteine beirbhighthe. Do thóg an bhean an clúdach díobh agus cad a bhí ann ná corcán prátaí. Dhúisigh sí na leanbhaí agus d-itheadar go sásta iad. Lár na mháireach do tháinig an fear céadna arís agus bhí na leanbhaí ar an gcuma céadna. Chuir sé an dearbhráthair bocht suas chun caoire do ghoid ó'n dearbhráthair saidhbhir(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Loinsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Choill, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry