School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí breoidhte i gcomhnuidhe. Ní bhíodh aon phort aice acht “nár bhreagh liom dá sciobfadh an bás leis mé”. Bhíodh a fear cráidhte ó bheith ag eisteacht leí agus aon lá amháin fuair sé ganndal agus do phrioc sé é. Do thug sé an ganndal isteach go dtí an bhean agus do chuir sé ar lár an úrláir é. Nuair a chonnaic an bhean an ganndal cheap sí gurb é an bás a bhí ann. Do léimsí in-a seasamh agus do liúigh agus do bhéic sí “mhuise gaibh lastall” ar sí “agus beir é féin leat.
- Collector
- Sinéad Ní Ghogáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry
- Informant
- Cáit Bean Uí Ghogáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry
- 2. Bhí bean san Daingean le linn an droch-shaoghal agus chuaidh sí go dtí an Ministear – “Thomás an Éitigh” a rádh leis go raibh sí chun iompochadh agus an creideamh Catoilicighe do séanadh. “Tá go maith” arsa Tomás “Tair an teampall Dia Domhnaigh agus nuair a chuirfeadsa ceist ort cad a thug annseo tú freagair – ag lorg an fhír-chreidimh”. Seadh, d’imthigh an bhean agus nuair a tháinig an Domhnach chuaidh sí an teampall.(continues on next page)