School: Gleann Fleisge

Location:
Glenflesk, Co. Kerry
Teacher:
Donnchadh Ó Spiolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 928

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 928

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Fleisge
  2. XML Page 928
  3. XML “Insín na Glotharnaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Insín na Glutharnaí
    Cuaidh Ó Donnacadha an Gleanna agus a shaighdiúir creiche. Schroiseadar baile Muirne in am mharbh na h-oidhche agus tosnuigheadar láithreach ar gach beitheach is capall a raibh ann a sholáthr cúca. Acht dúisighead cun an ruaig a cur ortha ach bhí O Donnchadha agus a shaighdiúirí ró láidir dhóibh agus rugadar an creach leo agus síar leo i dtreo an gleanna ach do cur muinntir Bhaile Mhúirne a gcómhairle agus dean a céille annsan féachaint cad a bfearr dhóibh a dhéanamh agus i ndeire na dála
    Shochruigheadar go raghaidís a’ lorg póirthne ar Naomh Gobnatan mar bhí an ionghantaisí á dhéanamh aice leis an beaca beannuighthe a bhí aici an uair úd. Págánach dob ead an taoiseach a bhí ortha agus níor mhaith leis dul cuiche ach b’éigean dhó. Do gheall sí go dtabharfadh sí a cuid stuic thair nais doibh ar an coingheall amháin go n-íompócac an taoiseach in a Catoiliceac. D’iompaig sé. Siar in dhiaidh lucht na creiche le (naomh) Naomh Gobnait annsan an bh’eachair in a láimh aici agus í cosnachtuighthe mar bhí an deithneas chómh mór san curthí ná raibh sé d’uain aici a bhróga a cur uirthi. Thánaig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish