School: Faithche (B.) (roll number 11405)

Location:
Faha West, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0458, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0458, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Faithche (B.)
  2. XML Page 012
  3. XML “Scéal - Séamus Mór agus A Bhuachaill Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill aimsire ag Séamus Mór sa Tobar.
    Tá corruidheacht is leath chéad blian anois ó cailleadh Seámus Mór beannacht Dé le h-anaman na marbh agus mo shlán beó leis an sean aimsir. 'Neósfaidh mé dhuit connus a fuair Seámus Mór an buachaill. Bhíodh ana-páiste magaidh aiges na sean daoine 'na thaobh.
    Bhí Seámus Mór so 'na fheirmeóir láidir agus é stóinsithe dúr daingean go maith - ní bhíodh na boicht ró-bhuidheach dó (?) 'na theannta san is uile bhí sé de theist air a bheith chómh (?) leis na luchaigh. Bhí sé ar a thoil feín chómh sámh le báirneach (?) lic agus feirm mhór thalmhan ar an dtobar aige go dtí go dtáinig Muinntir h-Ainifeín ag canntáíl na talmhan.
    Ach pé scéal é chuaidh sé ar "jury" go Tráighlí uair agus i gcaitheamh na h-aimsire do bhí cúis á phléidh ann. Bhí (?) mór láidir gabhtha aiges na póilíní i dtaobh rud éigin a ghoid agus bíothas chun é dhaoradh sa choir nuair d'fhiafruigh an breitheamh dhe, an raibh aon ní le radh aige, no aon leath-sgéal a ghábhailt (?).
    D'fheuch mo dhuine 'na thímpal ar an jury. Seámus Mór an té ba ghiorra dhó. D'fheuch sé ar an mbreitheamh annsan. "Tá" ar seisean, "Ni'lim-se cionntach sa choir seo atá curtha im leith, ach táim cómh saor, cómh glan air let' onóir (?) ní beag san, agus dá chómhraí sin féín fiafruigh de'n duine uasal so annso" ar seisean ag síneadh a mhéire fé Sheámus Mór, fiafruigh de'n duine uasal san . a' bhféádfadh sé aon nídh dá shórt a chur im leith an fhaid is tá aithne aige orm."
    Is amhlaidh a baineadh geith as Seamus Mór mar ní (?)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English