School: Faithche (B.) (roll number 11405)
- Location:
- Faha West, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fheaca sé an priosúnach riamh roimhe sin 'na shúilibh cinn go dtí go bhfeaca sé sa chúirt é agus é ar adhaistear ag na póilíní. "Seadh" arsan breitheamh, "cad tá 'gat-sa le rádh sa sgéul, no an fíor ná béarfá-sa daor sa choir é an fhaid is atá aithne agat air."
"Go deimhin chun a chirt féín a thabhairt dó" arsa mo Shéamus," an fhaid is atá aithne agms-sa air, ní'l aon ní agam-sa le rádh leis, ach gach aon nidh dá fheabhas, é go mín, macánta deagh-bhéasach deagh-labhairtha." Sgaoileadh mo bhuachaill saor, agus nuair a bhí an chúirt i leath-thaoibh, lean an stracaire Seámus Mór abhaile agus chrádhaigh agus chiap sé an chroidhe 'ge Séamus Mór. Níor tháínig aon bhleágád ba chríochnuighthe ná é ar an dtaobh so dúthaigh riamh roimhe sin, ná o shoin agus bacaigh Bhaile Mhúirne féín a chur chuige.Bhíodh Seámus Mór ana dhian ar a lucht-oibre a dheiridís ach lá, bhí meitheal fear aige ag baint na bprátaí agus bhí an stracaire leisgiúil a bpiocadh 'na ndiaidh. Le'n a leath-láímh a bhí sé a gcnuasach isteach i mbirdeógh. Ag déanamh amach ar eadartha tháinig Seámus Mór feín ag féuchaint ar an obair. Saghas staigín ab eadh é 'na shlighe féín. Gan dabht bhí na fearaibh ag obair ó gheal an lae ortha. Ach nuair a chonnaich sé an leadránaí agus é ag obair le'n a leath-láímh agus gan aon deallramh agus é ag obair le'n a leath-láímh agus gan aon deallramh ná aon fhonn oibre air, "Cad na taobh ná cuireann tú an lámh eile chughat" arsa Seámus Mór.
"Dar fiadh" arsan buachaill, "nach fearr liom í ná í seo" ag cur na láimhe sin 'na phóca agus ag obair(continues on next page)