School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 212
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áit-Ainmneacha.
Tá feirm bheag ag m'athair i gCromán Uachtar geall le sé míle ar an dtaobh thiar de Cill-Orglan an baile margaidh as giorra dúinn. Tá sé i mbarúntacht Triuch an Aicme.
Ainmneacha na bpáirceanna:-
An Cnocán:-
Sé cúis go dtugtar an t-ainm sin uirthi na cnocán mór a bheith innti.
Garraidhe an Chré:-
Tugtar an t-ainm sin air mar tá cré buidhe le fáighail innti.
Garraidhe an Aitinn:-
Glaodhtar an t-ainm sin air mar tá alán tor aitinn ag fás sa garrdha.
An Cladarach:-
Sé cúis go dtugtar an t-ainm sin uirthi ná gan aon bharraí a bheith curtha innti riamh.
Pairc Mháire:-
Tugtar an t-ainm sin uirthi mar ba le mnaoi darbh ainm Máire an pháirc sin uair amháin.
Bríghid Ní Shúileabháin.
Cromán Uachtar.- Collector
- Bríghid Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry