School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 215
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áit-Ainmneacha.
Tá feirm m'úncail suidte sé míle ar an dtaobh thiar de Cill-Orglan an baile margaidh is giorra dúinn.
Tá sí i mbarúntacht Triuc an Aicme.
Tugtar Glaise ar an áit mar gheall ar an sruthán atá ag rith tríd ós na portaig agus fé'n mbóthair isteach 'san bhfairrge.
Seo iad ainmneacha na páirceanna:-
An Acra:-
Glaodhtar an t-ainm sin air mar tá acra talmhan ann.
Páirc an Tighe:-
Tugtar an t-ainm sin uirthi mar tá sí in-aice an tighe.
An Ghainimh:-
Tugtar an t-ainm sin ar an bpáirc mar gheall ar an mór cuid gainimh atá sa cré innti.
Garraidhe Garbh:-
Glaodhtar an t-ainm sin uirthi mar ní raibh ag fás ann fadó ach aiteann agus féur garbh.
An Pháirc Ceárnógach:-
Tugtar an t-ainm sin uirthi mar gheall ar an gcuma atá uirthi.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chonchúbhair
- Gender
- Female
- Address
- Cromane, Co. Kerry