School: Cromán (C.) (roll number 12821)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (C.)
  2. XML Page 237
  3. XML “Na Prátaí”
  4. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cuirtear na prátaí móra i bpoll leó fein agus cuirtear na práití beaga i bpoll eile.
    Is mór seo a deintear an poll i gcoir práití annso.
    Tógtar cúpla sluasad cré as an dtalamh agus deintear poll timcheall dhá throigh go leith ar leithead, agus sé órlaighe in-doimhneach agus cuirtear na prátaí isteach ann.
    Annsan cuirtear tuighe nú biríneach leo agus lasmuig den tuighe cuirtear cré tímcheall naoi n-orlaighe ar tiughdeas,
    Fágtar na prátaí annsan go dtí go dtagann an t-Earrach.
    Tarraingeatar na prataí i gcóir bídh isteach sa scioból in-deire cúpla mí.
    Ní fheaca mé riamh "starch" déunta de práití ach d'innis mo mháthair gur deineadh sí fein é geall le cúig bliana déug ó shoin.
    Luighseach Ní Chonmhaighe,
    Dúca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ní fheaca mé riamh "starch" déunta de prátaíach d'innis mo shean-mháthar dom gur deineadh sí féin é geall le triochadh bliain ó shoin
    Connac mo shean-mháthar ag déanamh stampí go minic.
    Gheibheann sí fadhbháin agus baineann sí an croiceann díobh le sciain.
    Cimiligheann sí na fadhbháin ar an sgríobadóir agus deineann sí píosaí beag bideacha díobh.
    Cuireann sí na prataí isteach san éadach bán agus faisceann sí dlút iad.
    Tagann an súgha amach tríd an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Shúileabhain
    Gender
    Female
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry