School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe (B.)
- XML Page 119
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul
Bailighthe ag Donnchadh Buaman, Cill na mBreacChuaidh beirt fhear ó Beallach go dtí an Púinnte aon oidhche amháin chun "wreck" d'fhághail. Ní bhfuair siad aon rud. Nuair a bhí siad ag teacht abhaile ó'n bPúinnte dubhairt duine acu go raibh an áit sin uaigneach. Le na linn sin do cuala siad guth istig sa stúic. Dubhairt an guth go raibh an oidhche go h-uaigneach ar fad leis féin, agus dubhairt sé go raibh sé annso anois le n-a lán blian agus nár tháinig aoinne chun é á thógaint amach as. Nuair a chuala an bheirt fhear an guth, do thuit na h-ataí uatha agus do bhí siad ag tuitiom agus ag éirighe go dtángadar abhaile. Nuair a tháinig siad abhaile do thuit an bheirt aca breóite agus tar-éis cúpla mí eile do fuair siad bás.Mo shean-mháthair Bean Ní Scolaoich ó Cill na mBreac a innis an sgéul so dom.- Collector
- Donnchadh Buaman
- Gender
- Male
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Informant
- Bean Ní Scolaioch
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry