School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)

Location:
Athgarvan, Co. Kildare
Teacher:
Bean Mhic Niocaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 188

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 188

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Athgarvan, Curragh
  2. XML Page 188
  3. XML “Scéal T”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal T

    Bhí Bean Uí Cheallaigh oídhche Aoine éigin ag ullmhú chun dul go hInis maidin lae....

    Bhí Bean Uí Cheallaigh oídhche Aoine éigin ag ullmhú chun go hInis maidin lae 'r na báireach mar bíodh margad i n Inis gach Satharn an uair sin agus bíonn fós. Do nigh sí caipín bán dí féin agus chuir sí stáirs air go luath sa ló agus annsin nuair a bhí na leanbhaí go léir imtighthe a codlad agus nuair a bhí an tigh fuithi féin thosnuig sí ar an gcaipín a iarnáil. Ba mhór an obair i sin, mar bíodh na míltíe ruiceanna ins na caipíni bána úd, agus bíodh iarainn speisialta ag na mnaibh chun na ruiceanna a shocrú i gceart. Bhí sí déanach go leor san óidhche nuair a bhían caipín iarnailte ag Bean Uí Ceallaigh. Annsin nuair a bhí sé 'na ceart aici thug si in airde ar a láimh clé é, agus bhí sí a chimilt annseo is annsuid le na láimh dheas nuair d'airigh sí mar a bheadh puth anáil thaob thíar di agus do leag an puth anail sin an caipín ar an úrlár. Sé an chéad smaoineamh a tháinig isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kilmaley, Co. Clare
    Collector
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Bean Thomáis Uí Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kilmaley, Co. Clare