Scoil: Sáile (uimhir rolla 16052)
- Suíomh:
- Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: R. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sáile
- XML Leathanach 168
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá ocht sidhe mbaile Sháile.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé go minic a chulaidh sé go bfacas sidheogha ann. Tá ardán eile ar an chnoc mhór an sidhean a tugtar air. Lá amháin chuaidh beirt no triúr paistí as an Derrion ag cuir caoirí chun an chnoc mhór. Dfág siad na caoirí thuas i bplán na gcapall agus thosaig siad ag teacht abaile. Nuair a tháinig siad go dtí ardán shuidhe siad sios air agus thosaigh siad ag piocadh caoirí dubha. Ní raibh siad i bfad annsin go dtáinig fear mór feasógach chuca. D'fosgail sé an ardán agus thug sé isteach iad. Bhí dalú le nithe agus le nól aca. Bhí a gcuid daoine dhá gcuartú. An lá in a dhiaidh leig an fear feasogach amach iad. Nuair a chuaidh siad abhaile d'innis siad an sgeal dhá muinntir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Lochlainn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Martan Ó Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Sáile, Co. Mhaigh Eo