Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0058
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. ó Bean Uí Laimthe (mo shean-mháthair)
    Baileganlocht
    Áth-Cinn
    a fuaireas na sean-fhocla seo.
    Tá sí os cionn a seactmogha mblian d'aois
    Tógadh í i gCloch anUabhair
    Ag feilméaracht a chaith sí a saoghal.

    * * * * *
    Is reamhra fuil ná uisge
    Gach rud a soillsigeas níl ór ann
    Is fánach an áit a bhfuightea gliomach
    Is iomdha cur a cuirfeadh lá Earraigh de
    Mol an óige agus tiochfaidh sé

    Innis an firinne agus ná bíodh faithcíos ort roimh dhuine ar bith

    Fág an tír nó bí sa bhfaisúin
    Nodhlag ghlas a dhéanas teampuill líonta

    Nuair atá na laethe ag éirghe fada tá an fuacht ag éirghe láidir

    Cá bhfuil an sneachta a bhí anuiridh ann
    Fág mar sin é agus buail cos air

    Fág mar atá mé agus tá mé maith go leor
    Is fearr sioc ná síor báistighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Filomena Ní Laimhthe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Chonlachta, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Laimthe
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    Os cionn 70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Chonlachta, Co. na Gaillimhe