Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0068
  3. XML “Tomás na gCloch”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    méadhchain a bhí sa gcloich sgiorr a cos uaithi agus thuit sí agus chuir sí béic aistí. Cloiseadh an béic i mBun-an-Tobair. Tá a h-ainm sgríobhtha ar an gcloich sin i nDroichead Baile Chláir, "Máire Ní Oisín".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí coláiste i mBun an Tobair fadó.

    Bhí coláiste i mBun-an-Tobair fadó. Bhí Easbog ann agus bhí fear agus fiche mac-léighinn aige. Aon Dómhnach amháin sul a thug an t-easbog an Sacraimint Naomhtha dóibh chuaidh sé siar go "Abhainn Bháidhte" agus d'fhan sé uair a chluig annsin ag léigheamh leabhar. Shiúbhal sé ar an uisge nuair a bhí sé ag teacht arais. Nuair a tháinig sé ar ais go dtí an coláiste bhí fear imthighthe. Ba mac le na dearbhratháir fhéin a bhí imthighthe le bheith pósta le bean Protastún a bhí sé. Níor fhéad an t-easbog an fear a fheiceál go ceann leath-bliadhna. Lá amháin bhí sé amuigh ag siúbhal agus casadh leis é. Bhí cóisde aca agus bhí a bhean sa gcóisde leis. "Tá tú gabhtha anois a bhuachaill" ars an t-easbog, "céard a rinne tú ar chor ar bith" "Rinne mé rud a rinne thú féin go minic" ars an fear. "Céard é" ars an t-easbog. "Thóg mé duine as an diabhal, ionntuigh mo bhean ina Caitliceach" ars an fear. "Imthigh leat" ars an t-easbog, "ní bacfaidh mé leat".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. sioc agus sneachta (~299)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuinneagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cuinneagáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe