Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0078

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0078

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0078
  3. XML “Lá na Stáisiún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá na Stáisiún
    Is sean-nós atá ag na daoine sa bhFairche seo leis na céadta bliadhanta anuas na stáisiún a bheith in gach baile dá uair sa mbliadhain roimh (advent) agus i rith an Chargaois. Sé an fáth go mbíonn na stáisiún ann fághail amach an ndéanann na daoine faoistín na Cásga, agus le seans a thabhairt do na sean-daoine nach bhfuil in ann dul go dtí an séipéal an Comaoin Naomhtha a ghlacadh, Bíonn na staisiún in gach teach i ndiadh a chéile. Cúpla seachtaine roimh na stáisiún deireann an sagart ó’n adhtóir an lá ann beidh sé in gach baile. Réidhtigheann na daoine an tígh annsan, cuireann síad aol ar na ballaí, cuireann síad dathú ar na rudaí ádmaid agus gléasann síad an teach go deas. Glanann síad an teach sa gcaoi nár glanadh é leis na bliadhanta roimhe sin. An lá roimh Lá na stáisiún tagann na cómhursain ag cuidiú leó, ag bácáil agus mar sin. Tugann síad im, uibheaca go dtí an teach sin. Ceannuig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuinneagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cuinneagáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe