Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche na Gaoithe Móire 7ad Mí na Nodlaig ‘37Ó Seán Ó’Cuinneagáin (m’atair fhéin) 68 bliadhain
Dún-an-Tobair,
Corr-an-Dulla,A fuaireas an sgéal seo.
Oidhche na Gaoithe Móire, oidhche chinn an dá lá deag sa mbliadhain 1839 bhí stoirm mhór ar fud Cúige Connacht. Leagadh tíghthe agus crainnte agus báitheadh daoine. Ní raibh acht corr duine in ann teacht slán. Duine a raibh dídean le fághail aige. An oidhche sin bhí mo shean-athair leath-bliadhain d’aois. Bhí sé ins an gcliabhán agus bhí gach duine ag rith amach as an teach le fosgradh d’fhághail. Chuaidh gach duine sa teach siar go h’eascaidh a bhí in gar don teach, áit nach raibh crainnte. Nuair a shroicheadar an eascaidh chuimhnigh an mháthair annsin go raibh an páiste ins an gcliabhán. Chuaidh sí soir aríst ar a thóir agus thug sí léithi é agus bhí sé slán. ‘Seadbhí cionntach le oidhche na gaoithe móire ná, bhí oidhre mór ina chómhnaidhe I gCúige Connacht agus bhí sé imthighthe gan tuairisg. Bhí a bhean ceannasach uaibhreach dána go maith agus dúbhairt sí go gcaithfeadh sí é d’fhághail ar íochtar nó ar uachtar talmhan. Súibhail sí Cúige Connacht acht ní raibh a dhath ná a thuairisg le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe