Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0069
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An fear a bhí 'na chomhnaidhe sa teach seo roimh mo shean athair - Maghuidhir a bhí mar ainm air - bhí sé ag brionghlóid trí oidhche indiaidh a cheile faoí trí crocán óir a bhí istigh i nDun lár. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. D'ith sé a bhricfeásta. Fuair sé an laidhe agus síos leis go Dún láir. Dubhairt sé leis féin, "Is annseo atá an doras". Thosaigh sé ag obair ag caitheamh suas cloch agus créfóige. Ní raibh sé í bhfad ag obair nuair a chas íasg mór leis. D'íarr and t-iasg air céard a bhí sé ag dhéanamh. Dubhairt sé leis, "Tá mé ag dul í gcoinne an trí crocán óir atá istigh sa Dún". "Ní fheadfhaidh tú an t-ór fhághailt go rachfaidh tú abhaile agus go bhfuighfaidh tú trí buidéal uisge dom-sa" Nuair fuair an t-íasg an t-uisge d'imthigh leis agus ní fhaca an fear níos mo é. Thosaigh sé ag obair arís chomh cruaidh is d'féad sé. Bhí sé sgathamh maith ag obair nuair a chas cat mór leis agus dubhairt sé leis, "Céard tá tú ag déanamh", agus dubhairt sé go raibh sé ag toraidheacht an óir agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Conaill
- Ainmneacha eile
- Padhraig Ó Conaill
- Tomás Aodh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bóthar na mBacach, Co. na Gaillimhe