Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0073
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Fataí
    Ó : Tomás Ó Conaill (m'athair féin)
    Bóthar na mBacach
    Ath Cinn
    A fuaireas an méid seo
    Cuireann mo mhuintir fataí sa mbaile ar an bhfeirm. Dá bhrígh sin is feiliméar m'athair. Réitíonn sé an talamh. Ar dtús treabhtar an talamh. Ansin déantar é a fhuirsú agus d'ath-fhuirsú. Ansin déantar na drileanna agus scairtear leasú cró orthu. Scairtear na sciolláin ar na drileanna ansin agus dúntar na drileanna le céachta. Sé an rud é sciolláin ná píósa fata agus súil ann. Cuirtear na sciolláin i ndrileanna,. Is le céachta a dhéantar na drileanna. Úsáidtear céachta iarainn ach tá céachta adhmaid in an gceantar fós. Tá céacht adhmaid ag fear i Laragán ach ní úsáideann sé é agus tá sé nó seacht gcinn acu i nDoiremhór agus gCurlán ach ní úsáidtear iad. Úsáideadh céachtaí adhmaid sa sa gceantar fadó. Cabhraíonn na comharsan le chéile ag cur na bhfataí agus tugtar "có" ar an obair le chéile mar sin. Nuair a thagann na gais bheaga aníos ós
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bóthar na mBacach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Conaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bóthar na mBacach, Co. na Gaillimhe