School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 032
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Nuair a fuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh as an bPáirc bás, bhí muinntir na háite ag rádh go raibh go leor airgid i bhfolach i sean-bhallaí an tighe.”
(continued from previous page)Ar an noiméad tháinig trí mhada chuige, dubhairt sé le ceann aca mála óir a thabairt aige, Ba geárr go raibh a[n] mada ar ais aige, agus mála óir aige. D'imthigh leis go d[tí] an baile mór, agus chomhnuidhe sé ann. Bhí ingean a[n] rí i gcaisleán mór i n-aice na h-áite, agus i faoí ghlas ann, ag an Rí. Lá amháin bhí an saighdiúr ag dul thart agus dhubhairt sí leis dá bféadfadh sé í a shaothr[ú] go bpósadh sí é. Ní dheárna sé ach an bosca a thabairt aníos agus gráinne a thógál as, tháinig mada mór aige ar an nóiméad. Dubhairt sé leis an mada dhul suas ar an gcaisleán, agus inghean an rí a thabhairt anuas. Ar an nóiméad bhí inghean an rí ar an talamh ag an mada. Nuair a chuala an rí é seo dubhairt sé go gcuirfeadh an saighdiúr cun báis. Bhí an saighdiúr ar tí a chur ar an gcroch, le na chrochadh nuair a d'iarr sé ar an rí a raibh cead aige gráinne snaoisín a bheith aige. Dubairt an rí go raibh. Chuir sé a mhéir síos sa mbosca agus tháinig na trí mhada aige ar an nóiméad. Dubhairt sé leis na madraí na daoine agus an rí a mharbhú. Ní raibh duine san áit nach raibh marbh ar an nóiméad ac inghean an rí. Phós siad annsin agus bhí an saighdiúr in-a rí, ar an tír as sin amach.- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Diarmuid Ó Fátharta
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe