Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí feirmeóir ón áít seo ag tabhairt aire do bheithidigh a bhí san bhfeirm aige. Chnnaich sé scata daoine ag teacht na dtreó agus iad ag marcuigheacht ar capaill bháine. Annsan tháinig a lán smaointí isteach na cheann. Da mbeadh capall agam anois ar seisean, raghainn ag marcuigheacht libhse.
    Tá cead agat capall d'fhágháíl arsa fear ceannais na marcach, dá gcuirfair in iúl dom ná abrócair focal nuair a táir in éinfeacht linn. Gheallaim duit nách abróchadh arsan fheirmeóir. Annsan fuair sé capall a bhí go deagh-chroicinn groidhe cumasach agus chuaidh sé ag marcuigheacht air, agus as go bráth leó ar nós na gaoithe, go dtángadar go dtí alt, áit ata (?) inaice na h-áite seó.
    Do léimheadar go léir thairis. Nuair do bhí léim déanta aca, do labhair an feirmóir."Bedam, ar seisean, tá an fuil ionat gan amhrais, a capaillín. Annsan bhí an geall briste agus do thuit an capaillín agus a marcach ar an dtalamh. Nuair a d'éirigheadar cad a chífadh an feirmeóír ná gur ar a bhulláin féín a bhí ag marcuigheacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó' h'Éaghráin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó h'Éaghráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir