Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 139
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a Mhuire. Déin do shuidheacháin le macDé, agus béid tú ag féasta ag na linibh.
- Éirighim as an leabhadh seo ar do shon mar fhuair tusa bás ar mo shon, a Íosa, Tabhair dom an grásta cun tú shásamh ar feadh an lae.Beirim míle buidheacas. altuigadh, moladh agus onóir duit a thighearna, ar son gach tiodhlaicte agus grásta dár bhron tú orm ó tháinig mé ar an saoghal seó, agus go sonnradach faoi. Gach a bhronn tú orm ar feadh an lae an lae so. Chuaidh sórt ag faire orm, agus gá mo cosaint ingach cathughadh baoghal agus contabhairt ina raibh mé ó ná leig dom a thighearna a bheith diomhbuidheac go bráth dhuit, Ó a Dhia atá cómh maith agus comh grástamhail, Amen.
Anna mathair Mhuire. Muire mathair Criost, Elizabeth mathair an bhaiste. Cuirfimíd an triúr sin. Deir sin agus galar na leabtan, agus crann a criosa Criost ar son an trom lugihe.Annso luigim síos cun codhladh. Guidhim do Dhia m-anam do thabhairt slán. Agus dá bfaghfhainn báis sar a dhuisighim. Guidhim do Dia m-anam do thóghant. Tá ceithre cuaine im leaba-sa. Tá ceithre aingil ortha, Maitiú, Marc, Luce agus Seán. A Dhia bhail an leaba ina bfuilim im luighe.