Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 091
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)
  6. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí sagart ann fadó, agus, sé, an ainm a bhí air ná an t-athair Mairtín. ...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    do leanadar agus do bhreith siad é leóibh, agus cuireadar cun báis é inaice le gort. Bhí croidhe fior glan bocht aige, agus thug sé a ainm suas do Dhia sar a daoradh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tá cnoch inaice na h-áite seo...

    Tá cnoch inaice na h-áite seo i gCnochtúir, Éidhneac, agus Cnoc na h-Altóireach a thugtar air, agus sé an fáth a tughadh an ainm san air ná in am na bpein-dlighthe do bhí altóir ann agus do bhí pluis inaice h-Altoireach sin freisin ina raibh an sagart ina bhfolach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Tá cnoch i Gleann Doimhin, Sráid Na Chathrach...

    Tá cnoch i Gleann Doimhin Sráid na Cathrach agus tugtar Cnoch an Aifrinn air. Do léigeadh na sagairt an t-Aifreann ins na tighthibh an uair a bhí na bPéindlighthe ann agus bíodh daoine ag faire an fhaid a bheidh an tAifreann ar siubhal ar eagla go dtiochfadh na saighdiúirí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. (gan teideal)

    Tá seana caisleán i Sliabh Calláin, ...

    Tá seana caisleán i sliabh Calláin, agus do léightí an t-aifreann ann in aimsear na bpéindlighthe. Tá carraig ann agus sé sin an altóir a bhiodh ag an sagart. Tá pluais inaice an caisleáin, agus is ann a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cudathaighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Boolyduff, Co. an Chláir