Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I Leath Inise san áit ina bhfuil an Promenade anois, (bhí tighthe san áit ina bhfuil an fhairrge anois) Bhí sráid ann, agus bhí a lán tighthe amuigh san áít a bhfuil an fhairrge anois. Deir sean daoine é sin pér domhan é. Deirtear go raibh storm ann agus gur sguabadh na tigthe as an áit.
Tháinig tóirneach agus teintreac mór san blian 1905. Do bhí fear darb ainm Seán Ó Fráighle o Shanaway, Sráid na Cathrach ag sabháil fhéir ins an móinfhéir agus thosnuigh an tóirneach ar a ndícheall. Do nocht sé na nealta móra dhubha a bhí san spéir acht cheap sé ná tiocfadh an tóirneach cómh tapaidh is a tháinig sé. Cheap an fear bocht ná bhead morán ann, acht ní mar sin a bhí an sgeal aige. Do bhí a theach timceall leath míle ón móinfhéir agus bhí cúpla páistí in éinfeacht leis, agus dubhairt sé leóibh dul abhaile cómh tapaidh is a bhféidir leo, agus go bhfanfadh sé féin tamall eile bheug eile cun an féir do bhailiú.Annsan iseadha thosnuig an tóirneach mór ag seideadh mór thimceall dhe. Rith sé go dtí cró beug agus shín sé é féin ar an urlár, mar níorbh fhéidir leis seasamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maire Ní Mhathúna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir