Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Máirtín Ó Leaferté, Máire Ní Mhathúna.
68 de bhliantaibh. 80 de bhliantaibh.
Boulamárcán, Litir Úi Cheallaigh
Sráid na Cathrach Sráid na Cathrach
Co. an Chláir Co.an Chláir - Bhí fear ann fadó, agus bhí sé ingean le cailín saidhbhir. Bhí sé na chómhnuighe timcheall sé nó seacht míle ó tigh an cailín. Bhíodh sé ag innsint an sgéil seo don cailín go raibh tigh breagh deas slachmhaire aige, agus go raibh seacht mba aige agus dhá chapall bhréagh oibre, agus bothán deas i gcóir gach ceann acu. Cailín cliste do beadh í agus lá do bhailigh sí sean éadaigh mor-thimcheall a thig féin, agus chuir sí uirthi iad. Agus péire bróga stracaithe agus cóta giobacha ag leigint uirthi gur bhean siubhal í. Thosuigh sí ag siubhal go raibh sí tuirseach on bhóthair agus cad a bhfaca sí leath míle uathi acht sort cró. Chuaidh sí isteach ann, agus d'iarr sí ar an bhuachaill a bhí istigh cérbh leis an dtig seo. Dubhairt sé gur buachaill aimsire é I gcóir fear darb ainm Mícheál Mac Gill Pádraig, agus bé san ainm an feara a bhí sí in grádh leis, acht ní(leanann ar an chéad leathanach eile)