Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann aon uair amháin, ...”
Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé 'na comhnuidhe i Litir Úi Cheallaigh. Fear ana bheag ar fad do bead é ach bhí sé ana láidir, agus bhí sé ábalta, naoi deag nó a fiche de ch.d. a iomchar ar a dhrom.
Thug fear ó Túirín céacht dúbalta ar a dhrom thar na sléibhte, agus chuaidh sé thar an scoil seo agus thar Shliabh Calláin, agus nuair a bhí sé ag dul thar an shliabh chonnaich sé a chaora féin istig i bpoll agus chuir sé ar a ghualainn é, leis an gcéacht dúbalta. Sé an t-ainm a bhí ar an bhfear san ná Pádraig Seán Aodh.
Bhí fear ina chomhnaidhe i gClocánmóir fadó dar bainm Peadar Ó Healighthe, agus bhí sé ana mhaith cun cluiche do chaitheamh. Bhí fear eile na chohnaidhe i gCathairmuduff a bhí ana mhaith chun cluiche do chaiteamh leis, darb ainm Tadhg Breathanach.
Bhí cúigear no seisear d'fhearaibh laidre na chomhnaidhe san ait seo fadó, mar atá. Tomás Ó Rourke agus Seán Ó Faoithigh, ó Gleann Doimhin, Seán Ó Tailtigh, ó Clocanmór. Sean Ó' Conchubhair agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cudathaighe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó' Conáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Boolynamiscaun, Co. an Chláir