Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 041
- XML “An Doineann - Oíche na Gaoithe Móire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thuit an rud seo amach i mí Nodlag. Deireann na sean daoine gurb Oidhche Nodlag Bheug 1839 a bhí ann. An oidhche sin deirtear gur leag an ghaoith na tighthe go léir ins gach áit. Chuir sé sgannradh ar na daoine idir óg agus aosta. Fuair a lán des na sean daoine bás an oidhche sin leis an sgannradh cois na teine ag éisteach leis an gaoth gear cruaidh a bhí ag séideadh, mór thimcheall an tighe. Bhí na daoine ag bailiu gach rud mór thimcheall cun an gaoth do coiméad amach ach do theip ortha.Bhí báisteach agus tóirneach measga leis cun an sgeal do dhéanamh níos measa. Do leagadh na cruacha féir go léir a bhí san iothlann, agus ní raibh aoinne abalta pioc a chuid féir féin do dhéanamh amach. Do leag sé na crainnte móra ó bun go bárr agus bhíodar sínte ar fud na bóithre go léir, agus deirtear gur dhéin é sin aththrú ar na coilltibh ins gach áit. D'fhág a lán des na daoinibh bocht stracaithe as a chéile mar bhí ortha a lán airgid do caitheamh cun na tighthe do chur suas arís, agus bé an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hEaghráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhathgamhna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir