Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí baintreabhach bocht ann fadó,a gus bhí triúr ingean aici. Bhí an bhean ba shine acha ag tabhairt bíd dos na cearcaibh sa sráíd nuair tháínig coileach beag, gus thosnuigh é ag ithe an bíd ar na cearcaibh. Chuaidh an ingean isteach agus d'innis sí a sgeúl dá máthair, agus d'fhiafruigh sí dhi cad a dhéanfadh sí. Sé dubhairt an máthair léi, imtheacht agus breith ar an gcoileach, agus é thabhairt isteach, go marbhóchaidís, agus go n-iosaidís dóíbh féín é. D'imthig an ingean amach agus thug sí iarracht fé an gcoileach, acht má thug d'imthig an choileach uaithí, agus do lean sí é, agus do bhí gá leanmhainte riamh agus coidche go dí go ndeacadar araon isteach i gcoill a bhí cómhgarach don áit. Ní fhada bhíodar ag rith tríd an gcoill nuair d'imthig an coileach as radharc an cailín agus béigin di stad. Nuair a d'fhéach sí na timcheall ní raibh le feiscint aice acht crainn, agus crainn agus crainn agus síor crainn, agus bhí aon bhótháinín amháin in gar dí. Bhí tuirse uirthí taréis a reatha indhiaidh an coileach agus chuaidh sí faoí dhéin an bhotháinín agus chuaidh sí isteach. Ní raibh aoinne istig roimpe(leanann ar an chéad leathanach eile)