Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 030
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann fadó, ...

    Bhí fear ann fadó, agus bhí sé go han mhaith ar fad chun spealadóireachta a dhéanamh, do ghearradh sé achra gach aon lá, agus dhéineadh sé sin ar feadh sé lá gan stóp, agus ins an Samhradh do ghearrad sé timcheall 30 acra ar fad, sé an ainm air ná Padraigh Cullinan, Bouladuf, Eidhneach

    Agus fadó leis do bhí cluice acha, sé sin Bowling, do bhailigheadh daione as dhá pharoiste le na céile agus i (?) pharóiste Connolly a bhionn an cluiche ar siubhal, agus bhí beirt fhear ón áit seo agus bhíodar go h-an mhaith chun é do deanamh, sé na h-ainmneacha a bhí ortha ná Mairtín Ó Leaférte, Boulámascán Eidhneach, agus Daniel Queally, Gort an Locha, Eidhneach.

    Do bhí fear ann leis agus bhí sé go h-an mhaith leis cun cloiche do chaiteamh, agus sé an ainm a bhí air ná Padraigh Ó Leaférte Litir Úi Cheallaigh Eidhneach
    Fuaireas iad seo ó:- Mairtín Ó Leaférte, Boulámascán, Eidhneach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chrádfort
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mairtín Ó Leaférte
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Boolynamiscaun, Co. an Chláir