Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Storm i mí Feabhra 1903)
    Oidhche na gaoithe móire do deineadh a lán díobhála do tigthibh. Do cuireadh na dorais isteach agus do leagadh tighthe. Bhí fear ann agus cuireadh an doras isteach, agus thóg sé carraigh mhór isteach agus nuair chuaidh sé chun é chur amach níorbh fhéidir leis. Bhí cruach feur ag fear eile agus bhí ana caol, agus níor leagadh é. Chuaidh fear darbh ainm Mac Noulty go bhárr an chnuich an chead lá eile agus nuair chuaidh sé abhaile dubhairt sé go raibh cruach feur chomh caol le fear ag a comharsain agus níor leagadh é. Bhí an storm sin ann i mí Feabhra, 1903.

    (II) Bhí tóirneach ann lá eile agus do thuit an tinntreach ar cruach féir agus bhí an fear gur leis é ina chomhnuidh timcheall leath míle ó scoil "Litir Uí Cheallaig". Bhí an feur tré theine agus bhí an fear, (Dinis Mach Mhathghamhna) ag dul amach cun é do mhuchadh acht do stop a chomharsain é.

    Fuaireas é seo ó Seán Mach Mathghamhna, Cloghanmore
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mhathghamhna
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mach Mathghamhna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cloghaun More, Co. an Chláir