Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)342
a’ sranntarnaig sa leabaidh ’n-a theannca is
é tabhairt aire dho - níor thuit aon chodéa air.
"Seadh, ar maidin amáireach nuair eirig a
mhuíntir chualaidh sé iad ’á rádh le ’n-a chéile
go raibh leanbh a gcómharsan marbh ó’n t-am
san - ó tímpal a’ dá uair ’iag aréir. Bhí sé
ag éisteach leó. Seadh, ní raibh sé ag eiríghe.
Ghlaodhaig a mháthair air cadé an diabhal a bhí
air is leanbh a chómharsan marbh. D’eirigh sé
anuas is d’ith sé a bhroffeast is bhuail sé
amach is é ’dhearga na pipe tímpal a’ tíghe-
ag ól na pípe dho féinig, ní raibh aon nouce
aige ’á dhianamh do’n leanbh a bheith marb ná
ruaine is bhí na daoine a’ tacht go dtí an tig.
Chualaidh sé a’ gol is a’ glán iad. Seadh, bhuail
sé lámha ’n-a phócaí is bhuail sé isteach is-
tig a’ leinbh mhairbh is bhuail sé suas chun na
teine is bhuail sé a dhrom leis a’ dteine.
bhí sé a’ fiachaint orrtha. D’fháisg máthair a’
leinbh air an a’ maghadh fútha a bhí sé. Phsé
ná raibh sé féin a’ maghadh fé aonne ach gur
dhóigh leis go raibh cúrsaí magaidh ar bheith a’
magadh futha. dherú bheir sí ar rud éigin(continues on next page)