Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)-eannach is é ’á glana, agus do bhí sé mar sin agus aithne
mhaith agam air agus me ’á fhiscint ga’ h-aon lá is
mé ’thabhairt a’ bhóthair orm. Tabharfá an leabhar go raibh sé in’ fairy críochnuidhthe shar ar chailleadh é agus má fhulaing aonne teinneas agus trioblóid
do bhí sé ar a’ bhfear mbocht go dtí go bhfuair sé bás, agus táim ’á chlos riamh nár cheart aon lámh a bheith ’n-a leiteid agus ní h-é ná go raibh aithne agam ar dhaoine eile a dhin é agus níor bhuinn aon díth dhóibh. Ach siné mo scial-sa agus scial fíor
a b’eadh é go bhfuair Mac Uí Shíothcháin go h-áirithint é lámh thinn as an deighleáil a bhí aige an liosachán a stolladh as a cheile. - Bhí bean fudó i n-Ochtaibh agus do fuair sí breódhte mar seo istoidhche - amach i lár na h-oidhche - agus d’eirigh - bhraith a fear í agus d’eirigh sé agus
d’fhiafraigh sé dhí an breóidhte a chlaínn a bhí sí. Dubhairt sí gur dócha as gur mhaith a dóigh gurbh eadh ach go raibh sí tinn breóidhte go leór go h-áirithint
Tuairm is dhá mhíle goleith ar a dtaobh thoir de Scoil
Chathair Samháin, ar a’ dteorainn leis na Gear’ Aibhní.(continues on next page)