(continued from previous page)
a mháthair," ar sise. "Is fearr an saoghal atá agam agus ná
bí ag gol mar ataoí," ar sise, "agus táim-se go maith " ar sise, "táim ana-mhaith," ar sise. Agus ghlan sí léi is do ghlan sí léi gur chuaidh sí siar sa Mhainistir agus do lean sí (an mháthair) cos ar chois í - an mhathair-
go dtí gur chuaidh sí isteach sa Mhainistir uaithi agus do chonnaic sí é seo thíos age - mar a raibh an ulthóir i bhfuirm reithe agus adharca air i ní raibh
aon phuch ná aonní annsan tímpal ná raibh bailighthe tímpal air, agus d’fhiafraigh sí do’n ainmhídhe cadé an saghas é go raibh na pucha ar fad
bailighthe tímpal air, is dubhairt sé léi gurb é féinig an t-Athair Donnchadh Ó Teacháin atá churtha annso, "agus táim - tá sé sin mar phrugadóireacht orm
go dtí go mbeidh an dá Aifreann mharbh d’fhágas gan léigh' léighte agam," ar seisean, "agus téidhir a’ triall ar an Athair Pádraig Ó Conaill," ar seisean "agus abair leis na h-Aifrinntí a léigh', thar mo cheann-sa agus a’ prugadóireacht a thógaint díom", agus do dhin sí é sin agus do tógadh a’ prugadóireacht de
as san suas. 'Sé an t-é chualadh ’á rádh, Mícheál Ó Clúmháin, Cathair Dómhnall. Ó, ní
mhaireann! Tá sé cúrtha ar a’ gCómhad-
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.