Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)agus
Insán áit sin (na Cillíní) ó n-a bhfeacaidh sí an radharc
álúinn sin a thóg an ceó dá croidhe tá cloch na seasamh
fós ag taisbeaint an spota ar a raibh sí le linn na
h-aimsire sin. Do chuir sí a dá h-uilinn anuas ar an
gcloch san ag féachaint uaithe anonn agus tá rian a lámha
ar an ghcloich ó shoin i leith.
Do ghluais Gobnait uirthe anonn go dtí Gort na Tiobradan
agus do thosnuigh sí ar a clochr do thógaint insan áít
bheannuighthe sin. Fuair sí cabhair agus congnamh chun san
a dhéanamh agus níor bhfada go raibh an foirgneamh go
h-árd os cionn tailimh.
Le linn na h-aimsire sin do tháinig dream éigin mar
Phrotastúnaig ag triall ar bhaile Mhúirne agus do
chuireadar fútha ann. Do thosnuigheadar ar foirgneamh dá
gcuid féin do thógaint ar aghaidh Ghort na Tiobradan
anonn ar mhágh mín. Do chuir san fearg ar Ghobnait
agus do shocruig sí na h-aigne ar deire do chur leis an
obair seo. Nuair a bhíodh obair an lae críochnuighthe
agá muinntir féin agus ag an mhuinntir eile do
sheasuigheadh sí ar bharr an cnocáin agus do chaitheadh
sí bolla ˛or leis an bhfoirgneamh gallda do leagadh
go talamh é. Do thagadh an bolla míorbhúilteach so tharnais
chúiche dá leointe féin gach tráthnóna.
Nídh nárbh iongnadh do tháinig sgion agus crith-eagla
ar na stróinséirí agus fuaradar go raibh an foirgneamh(continues on next page)