Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0028

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bhí táilliúir na Samhna...

    Do bhí táilliúir na Samhna ag obair thall ar Seana
    Chluain uair amháin agus do chnósuigheadh na cómharsain
    isteach sa tigh gach aon oidhche ag sgoruidheacht agus
    ag caitheamh aimsire dhóibh féin.
    Mar seo oidhche do dheineadar tagairt do phúcaí agus dubhairt cuid aca ná raibh a leitheidí ann i n-aonchor. Dubhairt tuille aca go raibh agus mar sin de. Fé dheire do labhair táilliúir na Samhna ón mbord agus dubhairt sé go gcuirfeadh sé geall ná raibh fear sa tigh a raghadh anonn go dtí an roilg
    agus a thabharfadh plaosg leis isteach cúcha.
    Do tharraing sé púnt as a phóca agus do chuir ar an mbórd é. Ní raibh aoinne ann a chuirfeadh an geall leis ach aon fhear amháin agus dubhairt sé sin
    go raghadh sé ann aon tráth den oidhche ba mhaith leis.
    D’eirigh sé ’na sheasamh agus seo amach an dorus é agus
    ceann ar aghaidh go dtí an roilig.
    D’osgail gach aoinne a shúile agus do bhí eagla ag teacht
    ar an dtáilliuir go mbéarfadh sé leis an ceann agus
    go mbeadh a phúnt caillte aige.
    "Dar fiadh," ar seisean, "níl agam ach an t-aon
    phúnt amháin sin agus má chailltear é táim creachta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir