Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0036

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do bhí fear na chómhnuidhe thoir ar Charraig an Phúca...

    (continued from previous page)
    i
    a
    s
    a
    go
    go

    ar
    go
    p
    36
    anál do tharrac do bhí sé anáirde ar muin an
    chapaill i n-aonfheacht leis an bhfear a thug ann é agus
    siúd chun bóthair iad de rás.
    Sa tslighe d’iarr sé ar an bhfear eile cérbh é an
    spealadóir eile agus dubhairt seisean gur ó Chonntae Chille
    Choinnig dob’ eadh é. "Agus" ar seisean, "ba mhaith an
    mhaise dhuit gur thugais an buadh leat."
    An chéad áit eile a fuair sé é féin ná istig sa leabaidh
    agus ba ghearr gur gheal an lá na thímpeall. Do thug
    sé iarracht ar eirighe ach do theip glan air aon chorruighe
    do bhaint as féin.
    B’é deire an sgéil é ná gur thug sé mí istig sa
    leabaidh sin agus é ar bhéalaibh báis sar ar tháinig aon
    feabhas air. Annsan do tháinig sé chuige fein diaidh
    ar ndiaidh ach d’imthigh leath- bhliadhain sar a raibh
    ar a chumas aon obair a dhéanamh airís. Do
    bhí an hancisiuir a fuair sé ó fhear an chapaill
    na seilbh aige go dtí lá a bháis agus is minic duine
    a chonnaic é. Bhí an sgéal so fíor.
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Location
    Carrigaphooca, Co. Cork
    Informant