Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Nuair a bhíos thall ar an gCloich Adhna...”
(continued from previous page)73
thár an gclaidhe agus ní raibh ach an méid sn déanta
againn nuair a thuit gach cloch den chlaidhe go talamh
nár ndiaidh. Do bhein an fothram ualbhasach ana gheit
asainn ar ndóin agus do bhí eagla ar ndóithin orrainn
leis ambasa.
Seadh, do chomáineamair linn airís ach nuair a
chuadmair thar an gcéad chlaidhe eile a do thuit an
cleas céadna amach, níor fagadh oireadh agus cloch
nár thuit go talamh.
Do bhailigheamhair linn abhaile ar chuma éigin agus
chuadmhair isteach. Do bhí bainne agus prátaí fágtha cois
teine dhúinn agus do thosnuigheamhair ar na práthaí
a ithe mar do bhí acras orainn ach ní rabhamhair
abhfad annsan nuair do baineadh corruighe maith láidir
a’ laiste an dorais thíos. D’fhéachamair ar a chéile
agus do dhein an bheirt againn ceann ar aghaidh ar
an ndréimire a bhí ag gabháil suas an lochta gan a
thuilleadh righnis
Do bhí an leabhaidh thuas sa tí lochta i dtreo go
bhféadfá an teine agus cuid den chistin d’fheisgint
uaith síos agus tú istig sa leabaidh
Chuaidh an bheirt againn isteach sa leabaidh agus
bhailigheanair na h-éagdaighe tímcheall orainn féin.
Taréis tamaill do phrioc an fear eile mise agus dubhairt(continues on next page)