Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0212

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. lad so ná neithe a choinnghibheann tigh duine ina suidhe sé sin,
    bean tighe théagartha, giolla treabhadh tairise, láir bheir-
    eathais agus cráin fé arca.
    lad so mar an gcéadna na cheithre neithe threasgaruigheann
    tigh - bean ainmhianach íotamhail, clann dearóil do-
    thógbhála, capall fáin foghlach agus giolla gann ghalarach.
    Ag só an t-aon nídh a mhilleann gach tigh, - muinntir
    mhórmhuirearach mhíodthabharthach. Ag sa an t-aon nídh a
    choinnghibheann tigh duine sióthchánta .i.. muinntir uamhal uathadh.
    Thrí beithi gach tighe .i. laoigh agus leinbh agus seandaoine
    seanga slána. An aoncheard is treise ná gach
    ealadha .i. an treabhracht.
    An t-aon duine dár fearr tharbha a chlainne .i. an
    mac óg-laoch, óir ná beirtear clann do go h-óg agus
    iad ag eirighe i n-aoinfheacht leis féin is fearr do iad.
    ná mhuinntir choimtheach.
    Agus an t-aon duine dara measa thairbhe a chlainne -
    duine ealadhan óir bith biadh agus éadach a chlainne air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    6 May 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant