Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)Píosa dhen mhuic aige bruithte 'n-a phóca,
Triúr ghá mhealla' agus ceathrar ghá phógadh,
Saigheara sheanduine, sheanduine dóighte,
Dá mbéinn-se ag a' doras, nár bheiridh mé beo ortChuir mise mo sheanduine isteach ins a' gcomhra
Ag ithe min coirce is a' sluga' min eorna,
Cheangail mé a chosa dho chincín a' chomhra,
Saigheara sheanduine, sheanduine dóighte,
Dá mbéinn ag a' doras, nár bheiridh mé beo ort." - "Cincín - an maide atá a' coinneál an chláir ar a' gcomhra".
[Máire Tam, Bean Mhic Diarmada, An Lochán Beag, Iúl 24, 1936] - Lúibín Ó Lúth
"Lúibín ó lúth, bí lúth is bí láidir,
Nach iomdhaí sin lúibín i gcúilín mo ghrádha-sa".
[nó]
"Nach iomdhaí sin lúibín i gcúilín Mhaidhc Mháire" - Saothruigh
"'Is maith a shaothruigheanns an druim an bolg' - tá sé cloiste agam ó shiubhail mé an tala'."
[An Lochán Beag, Iúl 23, 1936.]