Volume: CBÉ 0441 (Part 5)

Date
1935–1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0297

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    tú 'do rí ar Éirinn nach mbainfheadh tú mo phíosa talamhna díom." "Dheamhan is cuimhneach", arsa Cromail. Agus 'sbáin an gréasuidhe dhó é.
    "Cé d'innis é sin dhuit-se?" arsa Cromail. "Níor mhaith liom é 'innseacht", ars an gréasuidhe, "bráthair a d'innis dhom é. Chuaidh Cromail agus a chuid saighdiúirí go dtí an áit a raibh an bráthair 'n-a chomhnuidhe, agus d'fhiafhruigh Cromail cé'n uair a gheobhadh sé bás. Dubhairt an bráthair nach raibh fhios aige.
    Dubhairt sé leo a dhul go dtí an chéad teach ceardcha a casfaoi ortha. Nuair a bhí siad a' dhul thar an teach chaill an capall an crudh, agus chuaidh sé isteach sa gceardcha, é fhéin agus na saighdiúirí. Ní raibh aon iarann ag an ngabha. Fuair sé píosa sean-ghunna, agus chuir sé síos sa teine é. Phléasg an t-urchar agus mharbhuigh duine dá chuid saighdiúirí. Bhí faitchíos ar Chromail agus d'imthigh sé go Sasana. Tá sé ráidhte gurab é a bhain an ceann dho Rí Shasana.
    Mícheál Breathnach Chuilm, Tír an Fhiaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Mharthain Phádhraic
    [Tá an Mharthain Phádhraic ag Peat Pheadaí Mhic Diarmada sa Lochán Beag. Buachaillí a bhí ar a dteicheadh sa gceanntar sin, agus fear a bhí sa bhFrainnc, cuiredh dhóibh í]
    [Lughnasa 13, 1936]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    13 August 1936
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script