Pluid Dorcha Leárai
D'eirigheas ar maidin is thug mé mo mhaide liom
Agus d'ionnsuigh mé amach chuig tigh Leárai.
Anois, a rud salach, tabhair comhartha ceart dom
Ar éadach leaptha dho pháistí.
Bhí olann mhór fhada ar 'n taobh a bhí ceart di,
An taobh eile chomh mín leis an bpláta,
Má tá sí i bportach, i ngarraidhe ná 'gclochar,
Nach sílfheá go mbéadh sí le fághail a'm.
Aimsir baint fhataí agus fáisgighthe 'n bhacsti
Seadh goideadh 'n phluid dhorcha ó Leárai,
Bhí rubbers dhá ngearra' aiste fud Chonamara
'S mac Radai á léigheadh as na páipéir.
Ní rabh stróice' ná gearra' uirthe, poll dóighte ná tada
Nuair a tairnigheadh go Gaille' 'ndiaidh báid í,