Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0307](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0307.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0307
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)"Tá sí crua' nuair tá sí bruithte - tá oiread eile seasa' aici.
- Fainn
Cliabh - "Tá fainn ann - níl sé comhthrom". - Sean-fhocal
"Sé 'maith a' mhada bás an chapaill." - Steirse
"'Chuir mise mo sheanduine ag Aifreann a' Domhna',
Uisge na bhfataí mar starch i n-a bhóna'.
"Tá oibriú ins na fataí mar gheall ar an starch. Bíonn siad a' sgríobadh fataí le h-aghaidh gabhail (góil). Cuireann sé an gabhail ag oibriú - gabhail a bhéadh cineál loicthe. Loiceann go leor gabhalannaí - bíonn siad sean." - Béal bocht
"Déanfhaidh sé béal bocht - déarfhaidh sé go bhfuil sé bocht - Hata ar Seacht is Sé pighne
"'Dheamhan blas a chaithfheas mé choidhchinn de.'
'Tá go maith, a mhúirnín, tiubhraidh mise go(continues on next page)