Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- Léacáilte
An gáirdín: "Tá sé léacáilte - tá sé ró-shean." - Eala
"Loch a' tSáile, taobh thoir dho Ghaillimh, tá sé lán le h-ealaí.
"Deir siad, an duine a mharbhóchadh eala nach gcuirfheadh sé isteach ceann na bliadhna." - Bradán Feárna
"Tá sé chomh fada leis a' dréimire sin.
"Tá na muca mara i ndiaidh an bhradáin fearna, ar nós atá an cú i ndiaidh an ghirrfhiadha - sin é an fiadhach atá acab." - Líomhán
"Bhíodh brabach mór ar ola líomháin - breac mór millteach. Sleagh a bhíodh acab le iad a mharbhú. Tá teach i nÁrainn a bhfuil sleagh ann fós. Chaitheadh siad an sleagh leis. Bhíodh rópa leis a' sleagh. Ghabhfadh sé go tón, go gaineamh. Dhaingneóch' sé isteach ann fhéin í, an tsleagh. Sin é an uair a thiocfhadh a chuid fola - a bhásóchadh sé. Thiocfhadh sé aníos nuair a bhéadh sé a' tabhairt uaidh. Bhíodh(continues on next page)