School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 353](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_353.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 353
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 353
- XML “Eolas faoi na Francaigh a Tháinig isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinic na Franncaig agus ghaibh siad an triúr déag mur's nách raibh an "Pass-word" aca. Bhí an "Pass-word" ag an nGabha.
[Sé an rud a déarfadh an t-Éireannach nuair a {bh}uailfeadh an Franncach leis ná - "Fine Day Mick Nail-us." Ní raibh freagra na cainnte sin aige Pádraic - E.OSúill.]
Chuir siad an triúr déag annsin a tarrac amunition agus chuile shórt isteach i bpáirc, agus {bh}í siad a cruinniú caoirí, ba, agus bulláin dóbhtha D'fhan siad dhá lá dá róstadh.
Cuaidh siad síos fríd a Chonndae annsin agus {n}a daoiní a teacht 'na n-airicís agus dhá {gc}oineáil {?} má bhí an Password aca; agus iad sin a tabhairt arm teine dóbhtha.
Níor tháinic ar ais ariamh go Cill Mór {g}o'n triúr déag a chuaidh síos, ach fear amháin. B'é ainm a bhí ar a' bhfear sin ná Frank a' Cuideaganaí. Bhí sé in a athair mór do mháthair Michael Carrick atá anois 'na shean-duine i nDubhloch.
________Bhí stócach óg agus nuair a chualaidh {s}é go raibh na Franncaigh a tarraingt air bhí oiread lúthgháir ar a chroidhe agus cheap sé ná féadfaí tadaí a dhéanamh air, gur léim sé suas i mullach claidhe a fuagairt ar(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Ciaráin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo