School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 375
- XML “Kalee (Ceailí)”
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (Champ i mbBéarla)
Seo bíadh a ghnídís fadó. In aimsear bhfataí úr a deintí é, nuair a bheadh siad go deas milis.Deintear na fataí a ghlanadh go maith agus an craiceann a bhaint díobh le spuínnóig nó leis a ghlanadh héin mur bíonn an craiceann an bhog ortha. Cuirtear sa bpota annsin iad go mbí siad bruithte bog. Seiltear a' t-uisce asta annsin, agus in a dhiaidh sin iad a bhrú go maith le túirnín.Nuair a bheadh siad brúighte cuir gráinne salann ionnta. Geárr suas roinnt oinniún go mion agus caith isteach iad agus dein an t-iomlán a shuathadh le leomhnacht, ach ná bíodh sé ró-thanaí agat. Annsin cuir amach ar an bpláta iad agus bíonn sé go ró-dheas le grim ime measgtha ann.- Informant
- P. Ó Ciaráin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo
(no title)
“Se' cruthú na putóige a hithe.”
" Se " cruthú na putóige a h-ithe.(no title)
“Oidhche innide gan feóil, Dómhnach Cásg' gan aon arán.”
Oidhche Innide gan feóil
Dómhnach Cásg' gan aon arán(continues on next page)