School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 434
- XML “An Gadaí Dubh ó Dubhán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a teach céadhna ná go dtugai siad 'Each na mBelleannaí" aici san.
Bhuaidh siad san a darna cluife agus chuir siad geasaí uirthi sin fannacht ar barra steeple a bhí dá chéad troigh ar oirde go dtigi siad ar ais.
San am sin bhí an Gaduí Dubh ó Dubhán agus ní raibh slighe tóigthe aige ach ag imteacht ins na coillte a goid caoírach agus oidhche amháin fuair sé in áit strainséar sa gcoill agus tainnic sé caisleán fathaig.
Fuair sé isteach agus thainnic sé bean breágh na suidhe ar chathaoir ann, agus leanbh breágh fir na h-ucht. D'fhiafruig sé díthe goidé an chaoí ar thárla sí annsin. Dubhairt go dtug a fathach isteach í as a gcoill trí lá roimhe sin.
Dona go leór - adubhairt a Gaduí Dubh.
"Ó!" - ar sise, "nuair a bhí sé a dul amach a seilg indiu, dubhairt sé lioms' an leanbh a mharbhú agus é chur isteach i bpie dhó le h-aghaidh a dhínnéir."
Thoisig a Gaduí Dubh a chuimhniú féachaint ceard ba cheart do a dhéanamh len a sábháil agus chuimhnig sé ar plean. Thainnic sé barraile fallamh in íochtar a' chaisleáin gus dubhairt sé go dtiubharfadh sé an leanbh isteach faoí'n(continues on next page)- Collector
- Eoghan Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killaha West, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Gáchain
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ráth Muireagáin, Co. Mayo