School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mé i bhfad gur bhris druim an gearainn. Bhí mé go h-olc as bhí mé aríamh. Bhí coill cuillinn ag m'uncall. Chuaidh mé isteach agus bhain mé plannta direach. Chuir mé an barr i dTóin an Gearainn agus chuir mé amach idir a dhá chluas í, agus rinne mé druim úr do'n ghearainn. Thug sé an t-ualach na bhaile go laidir. D'fág mé an gearann ar an slíabh, agus níor amharc mé air go ceann bliadhna in a dhiaidh sin. Chuaidh mé suas go bhfeicinn an raibh sé beó no marbh.
Chonnaic mé coill cuilinn nuair a thainic me comhgarach, agus go raibh an coill ag siubhail Caidé bhí ann ach an gearann ag ithe féir, gó sásta, agus na crainn ag fás amach fríd a dhruim. Bhí crann amhain ar a dhruim a bhí go h-árd le crann seol. Chonnaic mé nead ar bharr an crainn. Chuaidh mé suas an crann go bhfeicinn caidé bhí thuas ins an neid. Caidé bhí ann ach an cráin muice a chaill m'athair blían roimhe sin.
Ars an Rí: "Tá tú breagach-ró-bhreagach agus is tú an fear is breige a d'fág Éire aríamh. Arsa Billí: Tá d'inghean bainnte agam. Má tá ars an Rí ní gan bréaga. Posadh Billí agus inghean an Rí agus mhair an bainnis lá agus blían.- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir