School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 160
  3. XML “Scéal - Bréag na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    raibh an coirce gó raibh duine inteacht a bualadh.
    Chuir mé cluas amhain leis an domhain iochtarach, agus mó chluas eile leis an domhain uachtarach, agus mhothuigh mé íad ag bualadh ins an domhain uachtarach. Ní raibh dreimire agam le dul suas. Connaic mé dreolan in a sheasamh ar an claidhe. Thóg mé cloch agus mharbh mé í. Rinné mé dreimire do na da lorgan. Chuaidh mé suas agus nuair a chuaidh mé isteach 'na sgiobail, bhí an coirce buailte caitthe ar an urlár an sgiobal
    Ní raibh mála nó sac liom. Chonnaic mé dearnad ag siubhail ar an bhalla. Thóg mé mó dhorn agus mharbh mé é. Tharraing mé na buiteann [?] amach as a chroiceann. Annsin chuir mé an coirce isteach sa croiceann. Chuir mé an t-ualach ar mó dhruim, agus thainic mé anuas an dreimire. Nuair a bhí mé shíos cupla rung thuit mé fein agus an t-ualach ar an talamh Ní raibh cleas ar bith agam le é a thabhairt na bhaile. Smaoitigh mé ar sean-gearann bán a bhí ag m'athair. Thug mé liom an gearann agus chuir mé an t-ualach air. Cá dteacaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Mac Ailin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir