School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal faoi thaidhbhse
Tá sé ráidhte go mbíodh go leór taidhbhsí í nEirinn fad[ó] ag dul thart na tíre ins na h-oidhcheantaibh.
Bhí fear ag teacht abhaile ó Dhún Mór oidhche amháin go deireannach. Ag dul thar roilig dhó chonnaic sé an rud seo agus dath bán air. D'imthigh an fear leis mar bhí sé ag imtheacht roimhe sin acht d'airigh sé go raibh an rud seo ag teacht ina dhíaidh. "Cé thú fhéin" ar seisean "agus an bhfuil áon troiblóid [!] ort." "Tá" ar seisean "acht ní troiblóid [!] de'n domhan seo é." "Siubhail leat agus beidh mise leat-sa chuig do dhoras fhéin agus innseóchaidh mé annsi[n] dhuit é." Coinnigh sé ag siúbhail go dtáinic sé chuig a dhoras fhéin gur thuit sé i staic i lár an urláir. Cuireadh ar a leabaidh é agus sin níor fhág sé go bhfúair sé bás.- Informant
- Tomás Ó Grádaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Milltown, Co. Galway